Labhair an Teanga Gaoluinn Liom

Ó labhair an teanga Gaeilge liom, a chuid mo chroí 's mo stór,
An teanga labhair mo mháthair liom i nÉirinn ghlas fado,
'Sí teanga bhinn ár sinsear í , an chaint is milse glór,
Ó labhair an teanga Gaeilge liom, is bain dem' chroí an brón.

Ó labhair an teanga Gaeilge liom, sí teanga cheart na nGael,
An teanga bhinn is ársa 'tá le fáil ar fud an tsaoil,
A stór mo chroí is beannacht ort, a chailín óig gan cháim,
Cá bhfuil sa tsaol aon teanga mar ár dteanga féin le fáil.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.