Bhíos Lá 'le Pádraig 'mé im’ shuí i dtigh tábhairne,
Bhí cuideachta álainn le m’ais ag ól.
Bhí maidhre mhánla na gcuacha bána
A súil mar áirne 'gus a grua mar rós.
Bhí dís deartháir ann 'na suí ar cheann cláir ann
Thug searc is grá don fhaoileann óg.
Fear súiste is ráinne is máistir scoláirí
Do scrig a lán is do léigh neamh meon.
Labhair gach n-aon acu a pháirt fhéinig
Á mholadh féin leis an gcúilfhionn óig
Féachaint arbh fhéidir í ‘mhealladh in aon chor
Le comhrá béil nó le bualadh bord
Labhair an spéirbhean go modhúil tais néata
Ní mholfainn féin an té is áille snó
Ach an té gur léir leis mo chrích a dhéanamh
Is é ba mhéin liom a theacht im’ threo.
Sinne a mhúineann na sagairt chlúmhail
‘s na bráithre scrúduithe a théinn dtín bhFrainc
Lucht dlite mhúscailt go domhain i gcúirtibh
'S gach dochtúir acu a dhéanann leigheas
I m’ wig bíonn púdar, i m’ bhróig bíonn búcla
Is deas mo thrúis is mo charoline
Ag síor ól branda sea bhím gan amhras
Nuair a bhíonn an bhrúid bhocht seo ag rómhar go domhain.
Gabhaim an céachta a's treabhaim na réidhchnoic
‘As beathaím féinig a ndúraís fós
‘As is páirt dom’ shaothair an chruinneacht chraorac
Is an eorna dhéanann dúinn branda 's beoir
Bíonn pheirc im’ bhéabhar ag siúl 'an aonaigh
'S is deas mar thaoscfainnse puins ar bord
Nuair a bhíonn an t-éagan seo ag siúl na hÉireann
As a chleití glégheal mar phas 'na dhóigh.
A Mháire, a laoghil, ná pós in aonchor
Nó beidh tú i d’éagan ar feadh do shaoil
Gan mhúineadh, gan bhéasa is gan mheas ag aoinne ort
Ach ráinn i d’ghéag is tú ag rómhar sa díg
Is mór an léan liom do leanaí géarghol
Gan snáth gan éadach ach an súistín buí
Ag ól bláthaí géire is prátaí aththéite
‘S gan aon fháil in aonchor ar aon ghréim den im.
Is lúthfar láidir do threabhfainn na bánta
Is mo gharraí prátaí go deas lem’thaobh
Do cheannóinn stáca go mear ar stáitse
Is do chuirfinn a lán de na síolta i gcré
Do dhíolfainn a lán díobh i gcóir cíosa is cáineach
Chun riar ar chách is ar bhodach Dé
Is is mór ná go mb’fhearr mé anois le h-áireamh
Ná máistir scoláirí is a mhálaí léinn
Mo ghrá 's mo laoi thú mo bhuachaill glégheal
Is tú mo chéile anois amháin
Do shúilfinn Éire leat ar fhódaoibh chaola
Sara bpósfainn féinig aon spreallarán
Gan fáil mar bhéile uaidh ach an scadán caolghuirt
Agus braoinín géar ós na margaidh
Bheadh mo pháistí ag géarghol gan taoinnte éadaigh
Ach iad á stalcadh le h-easpa bídh.