Mar mheath uaim mo cháirde ‘bhí grámhar fadó, A’s ruaigeadh le fán mé gan fáltas gan treoir, Níl tathag im’ ráitibh ná binneas im’ ghlór, Is céilliúir gan áird gach a scinneann óm’ shórt.
Bíodh siúd mar atá sé, a sháimh-fhir na só. Tá nídh beag ar m’fháil-se nár éalaigh uaim fós. ’Sé an grá fíor im lár é ná feófaidh go deo, Seolaim é a Thaidhg chúghat go soillseach gan cheo.
Ós duine mar chách mé do thárlaigh bheith dearóil, ‘S gur bheartaíos le páirt leat do shláinte-se d’ól, Tá an bairille dá bheárnadh is an tráth ar an mbórd. Seo mo lámh duit a sháir-fhir, is slán leat go fóill.