Mar Mheath Uaim

Mar mheath uaim mo cháirde ‘bhí grámhar fadó,A’s ruaigeadh le fán mé gan fáltas gan treoir,Níl tathag im’ ráitibh ná binneas im’ ghlór,Is céilliúir gan áird gach a scinneann óm’ shórt. Bíodh siúd mar atá sé, a sháimh-fhir na só.Tá nídh beag ar m’fháil-se nár éalaigh uaim fós.’Sé an grá fíor im lár é ná feófaidh go deo,Seolaim é a Thaidhg chúghat go soillseach gan cheo. Ós duine mar chách mé do thárlaigh bheith dearóil,‘S gur bheartaíos le páirt leat do shláinte-se d’ól,Tá an bairille dá bheárnadh is an tráth ar an mbórd.Seo mo lámh duit a sháir-fhir, is slán leat go fóill.Riobard Bheldon do chum