Ó Dónaill Abú

Tá binncheol na h-adhairce go glórach ag géimnigh,
Gáir dhearg Thír Chonaill go h-árd ar an ngaoth,
Timpeall  Loch Súilighe, tá’n marcshlua ag léimrigh
Ag déanamh thar chaoráin le lúcháir a gcroí.
Síos as gach sliabh is gleann, laochra ná teithfidh ann
‘Teannadh go tíriúil fé bhrat glas Aoidh Rua;
Buannach is Gallóglach ‘cruinniú go tiubh isteach
Suas fán bhúr ndíl-tír, Ó Dómhnaill abú.
 
Tá Ó Néill, croí na féile, go cróga ag claonadh
Ar chruacha ár dtíre le bláth bán na slua;
Tá cúig mile marcach go soillseach ag síneadh
Thar bruacha na Banna le cabhrú inniú.
Cloífear ár namdaid ann !  Brisfear a gcnámha ann !
Sasanaigh sanntach gan tróicre gan trua.
Beidh said go brónach faoi treanghuth ár mbuachaillí
Ag craoladh go bródúil, ” Ó Dómhnaill abú”.
 
Is cráfach an cúram atáimíd ag cosnú
Ár  dtithe, ár dTeampaill is áltóirí Dé.
Tá tinnte ár namhaid go léanmhar dá lasadh
Ar uair an mheán-oíche ag deargadh a dtreo.
Suas libh a cháirde cór’ !  Síos leis an scriosadóir !
Seasfaidh go daingean Clann Chonaill inniú !
Agus le cabhair an Rí greadfar na Sasanaigh,
Éire ár ndíl-tír, Ó Domhnaill abú

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.