Tá binncheol na h-adhairce go glórach ag géimnigh,
Gáir dhearg Thír Chonaill go h-árd ar an ngaoth,
Timpeall Loch Súilighe, tá’n marcshlua ag léimrigh
Ag déanamh thar chaoráin le lúcháir a gcroí.
Síos as gach sliabh is gleann, laochra ná teithfidh ann
‘Teannadh go tíriúil fé bhrat glas Aoidh Rua;
Buannach is Gallóglach ‘cruinniú go tiubh isteach
Suas fán bhúr ndíl-tír, Ó Dómhnaill abú.
Tá Ó Néill, croí na féile, go cróga ag claonadh
Ar chruacha ár dtíre le bláth bán na slua;
Tá cúig mile marcach go soillseach ag síneadh
Thar bruacha na Banna le cabhrú inniú.
Cloífear ár namdaid ann ! Brisfear a gcnámha ann !
Sasanaigh sanntach gan tróicre gan trua.
Beidh said go brónach faoi treanghuth ár mbuachaillí
Ag craoladh go bródúil, ” Ó Dómhnaill abú”.
Is cráfach an cúram atáimíd ag cosnú
Ár dtithe, ár dTeampaill is áltóirí Dé.
Tá tinnte ár namhaid go léanmhar dá lasadh
Ar uair an mheán-oíche ag deargadh a dtreo.
Suas libh a cháirde cór’ ! Síos leis an scriosadóir !
Seasfaidh go daingean Clann Chonaill inniú !
Agus le cabhair an Rí greadfar na Sasanaigh,
Éire ár ndíl-tír, Ó Domhnaill abú