D'aithníos féin gan bhréig ar fhuacht
's ar anfa théitis taobh le cuan
ar chanadh na n-éan go séanmhar suairc
go gcasfadh mo Shaesar glé gan ghruaim
Measaim gur subhach don Mumhain an fhuaim
's dá maireann go dubhach de chrú na mbua
torann na dtonn le sleasaibh na long
'tá ag tarraingt go teann 'nár gceann ar cuaird.
Tá lasadh sa ghréin gach lae go neoin -
ní taise don ré, ní théann faoi neol;
tá barra na gcraobh ag déanamh sceoil
nach fada bheidh Gaeil go faon faoi cheo.
Measaim gur subhnach do Mumhain an ceol
's dá maireann go dubhach de chrú na dtreon
torann na dtonn le sleasaibh na long
'tá ag tarraingt go treann 'nár gceann faoi sheol.
Tá Aoibheall ar mire 'gus Áine óg
is Clíona, an bhruinneall is áille snó;
táid mílte 'gus tuilleadh den táin seo fós
á shuíomh le buile go dtáinig an leon.
Measaim gur subhach don Mumhain an ceol
's dá maireann go dubhach de chrú na dtreon
torann na dtonn le sleasaibh na long
'tá ag tarraingt go teann 'nár gceann faoi sheol.
Is annamh an mhaidin ar amharc an laoi
ná bainim chun reatha go farraige síos,
mo dhearca ar leathadh, ag faire de shíor
ar bharcaibh an fharaire ag tarraingt sa tslí.
Measaim gur subhach don Mumhain's gur binn
dá maireann go dubhach de chrú na rí
torann na long ag scoilteadh na dtonn
's ag tarraingt go teann 'nár gceann gan mhoill
Pearas Mac Gearailt