Óró, ‘Sé do Bheatha Abhaile

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
Óglaigh armtha léi mar ghárda
Gaeil iad féin 'is ní Gaill ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
 
Cúrfá:
Óró sé do Bheatha Abhaile
Óró sé do Bheatha Abhaile
Óró sé do Bheatha Abhaile
Anois ar theacht an tSamhraidh
 
'Sé do bheatha a bhean ba léanmhar 
Dob é ár gcreach tú 'bheith i ngéibhinn
Do dhúthaigh bhreá 'bheith i seilbh méirleach
Is tú díolta leis na Gallaibh.
 
A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
Mara mbeam beó 'na dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol agus míle marcach
Ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.