Seán Ó Loinn

Tá Seán Ó Loinn thoir sa ngleann 
Tigh beag deas aige féin is a chlann
Ní dada leis an obair throm
Ach maireann sé go sásta.
 
Cúrfá:
Óró mo ghile thú 
Fan ansúd, a Sheáin a rún
Óró mo ghile thú
Fan ansúd go sásta.
 
B’fhearr leis siúd ná cóiste an rí
A phónaí rua is a chairtín buí
Ina shuí ansúd ar mhála tuí
Ag dul ‘dtí an margadh ag gáire.
 
Dá mbeadh agamsa tigh sa ngleann
Tigh sa ngleann, tigh sa ngleann
Dá mbeadh agamsa tigh sa ngleann
Nach mise féin bheadh sásta.

Taifeadtaí

  • Binneas Thar Meon – Áine Uí Cheallaigh

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.