Seán Ó Dí

Níor ghéilleas riamh do ráitibh
File, fáidh nó draoi
Go bhfuair an Vulcan gránna
Vénus bhreá mar mhnaoi,
Nó go bhfaca péarla an bhánchnis
Le toil a cairde gaoil
Gan rogha nó malairt árais
I bhfochair Sheáin Uí Dhí.
 
Ní ghéillim nach sprid naimhdeach
Do tháthaigh dlúth an dís;
A chuspóir pheaca Mhámoin
Ina measc, mo náire, bhís!
Mopso Nisa datur-
Is fíor an ráiteach í
Ó fuair an stuaire d'ábhar 
Fear mar Sheán Ó Dí.
 
Dá mba fear mar chách mé
'S gur mhaith mar cheard liom í,
Do throidfinn seal mar Mhars di
'S do ghráfainn í ó mo chroí.
Ó is é do bhreoigh is do chráigh mé
Is d'fhág mé tláith gan bhrí,
Ár gcartlainn sneachta mhná a bheith
Ina tráill ag Seán Ó Dí.

Taifeadtaí

  • Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: