Seoladh na nGamhna

Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg
Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach
Do dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúil
Chiúin thais bhanúil náireach.
D'fhiasraíos féin go séimh dhen ainnir
An aon ní  thar lear a tháinig
Ag seoladh na ngamhna 'sea dh'fhágas an baile
Ach ceann ní bhfaighead go lá dhíobh.
 
Ag lorg na ngamhna 'sea chuireasa mo leanbh
'S níor tháinig sí anonn i dtráth chugam
Mar bhí traonaire roimpi ag pointe an ghleanna
'Sé Peadar Ó Dubhda an sárfhear.
Sin iad a bhíonn i gcónaí i ndiaidh na hainnire,
Is a rian go gcuire sí go brách dhi
Ach mo mhíle fáilte don tír seo 'na bhfuilim
Mar bainfidh mise sásamh as mo ghrá geal
 
Is b'fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag
Go mbeimíd araon in ann pósadh
I seoimrín néata ag pointe an ghleanna
'S an sagart ag ól ár sláinte.
Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma
Is gloine dhen fíon dhonn Spáinneach
Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach.
 
Tá crainnín cumhra i lúb na coille
'Gus raghaimid araon go lá fé
Mara mbeidh ceol binn na n-éan dár síorchur a chodladh
Is cuileann is eidhneán ag fás air.
Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhóibh
Más ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin
Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat.

Taifeadtaí

  • Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín
  • Amhráin ó Shliabh gCua – Labhrás Ó Cadhla
  • Idir Dhá Chomhairle – Áine Uí Cheallaigh

http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/sean-mac-craith/seoladh-na-ngamhna-amhrain-is-ansa-liom/

http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/aodan-o-ceallaigh/seoladh-na-ngamhna-corn-ui-riada-2016/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: