A Chumaraigh Aoibhinn Ó

Mo bheannacht ó chroí dod' thír's dod' shléibhtibh
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó.
'S dod' mhuintir shuairc ar dual dóibh féile
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó.
Do shrutháin gheala's do choillte craobhach,
Do ghleannta meala's do bhánta léire,
Ó, grá mo chroí iad súd le chéile.
A Chumaraigh Aoibhinn,Ó.


Is dathúil breá do chruacha scéimh-chruth
A Chumaraigh Aoibhinn Ó
Nuair a lasaid suas le h-amharc gréine,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó
Na faillte's leacain ar gach taobh díot
Mar bhrata sróill le seodaibh gléasta
Nuair scaipeann an drúcht anuas ón spéir ort,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó


Is líonmhar lán do shrutháin ghléigeal,
a Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
Ag rith anuas go luath le taobh chnoic
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
An Mhachain thall's i bhfos an Tae dhil
Mar mhionnáin gabhair le spórt is scléip-shult
Ag snámh anonn ód bhonn go tréan-mhuir.
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó


Is fairsing fial do locha taosach
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
Fé iasc ná fuil a shamhailt i nÉirinn,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
Loch Com Seangán na hollapheiste
An dá Sciollog ina mbíonn an meithbhreac,
Na Coma-locha is Com Fiadh' taobh leo
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó.


Is breá é an radharc a chím gach taobh díot,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
Ó thuaidh's ó dheas is soir i n-éineacht,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
Ó Dhrom Fhinghín i lár na nDéise
Go Corrach Mór i dtír na bPaorach
'S as san ó thuaidh go Sliabh Ban Féinne,
A Chumaraigh Aoibhinnm Ó.  


Do bhíos thar sáile seal i gcéin uait,
A Chumaraigh aoibhinn, Ó,
I nduthaigh fáin ag déanamh saothair,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó,
ach b'obair tháir liom cnuasach gréithre
I bhfad óm áit fé scáil do shléibhte
'S chas me 'rís ort, a phlúr na nDéise,
A Chumaraigh Aoibhinn, Ó.

Taifeadtaí

  • Idir Dhá Chomhairle – Áine Uí Cheallaigh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: