I mo bhaintreach 's 'mo mhaighdean fágadh mé go h-óg Nó ar chuala sibh, a chairde, gur báitheadh mo mhíle stór Dá mbeinnse amuigh an lá sin 's 'mo dhá láimh sa mbuille mór Dhéanfainn dídean dhuit, a Willie Reilly, is leigheasfainn do bhrón An cuimhin libh an lá bhí an tsráid seo lán de mharcaigh De shagairt 's de bhráithre ag trácht ar ár mbainis Bhí an fhidil ar ceann cláir ann 's an chláirseach á freagra 'S dháréag de na mná lána ann le mo ghrása chur ar leaba Níor mhór duitse, a Rílligh, thú bheith ‘do chliamhain ag an rí Agus cuirtíní gléigeala a bheith ar gach taobh díot 'do luí Maighdean chiuín chéllí a bheith ag réiteach do chinn 'S ó luadh sinn le chéile is trua mar d'éag tú le mo linn Níorbh ait liom scéal cráite 'bheith amáireach ag t'athair Ná ag banaltra na gcíocha bána a thál ort 'do leanbh Ní airím do bheanphósta nár chóirigh riamh do leaba Is nuair a shíl mé 'bheith 'do phógadh, is ar do thórramh a bhí an bhainis Tá do shúile ag na péiste is do bhéilín ag na portáin Tá do dhá láimh gheala ghléigeal ar aon-tsruth leis na bradáin B'é do chom bhí seang séimhí is gan bhréig ba tú bhí folláin Ach 'sé mo léan thú a bheith i t'aonraic, a Neil óg Nic Siúrtáin.