Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn

Ar m’aisling  aréir tré néaltaibh im’ shuain dhom
Do dhearcas an bhéchriostal dea-mhaorga an dress uaithne
D’fhiosraigh sí go séimh díom an bhfuil aon léann ort ná buaireamh
Do cháirde bheith tréith lag ar thaobh Chill an Fhuarthainn.


Do phreabas suas trím’ néaltaibh mar nár mhéin liom an duan sin
Nó go bhfuaireas thú go traochta an thaobh Chill an Fhuarthainn
An é an evil ón spéir nó an t-ague do bhuail thú
Is a d’fhág tú go thréith lag ar thaobh Chill an Fhuarthainn.


Is a cháirde ba thréanmhar ba thréan-mhear baghluiste
Níor bhfearr leat an Ghaeilge chun bhéarra chur i bhfuaimeint
Do léigheasfainn an t-éag díot, dá m'b'fhéidir  liom ort fuascailt
Agus guímse Mac Dé leat ar thaobh Chill an Fhuarthainn


Tá filí na hÉireann anois ar fad buartha
Ó chualadar an scéal úd go raibh Éire fé chruatan
Ach anois ó táir tréithlag ‘is nach féidir liom fuascailt
Guímse Mac Dé leat ar thaobh Chill an Fhuarthainn.  

Taifeadtaí

  • Amhráin Aneas – Nioclás Tóibín

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: