An Corrán

Mo mhallacht don lá úd a d'fhág mise Béarra
Agus mé ag imeacht ar fán ag fánaireacht óm' ghaolta,
Mé ag dul 'dtí Port Láirge ag tuilleamh mo phá ar nós aon fhir,
Is mo mhallacht don chorrán, do ghearr sé sa méir mé.
'San Bóileo.

Agus raghad go Port Láirge an chéad lá gheobhad chun gluaiste
Agus ceannóidh mé mála ná fágfaidh an t-ualach,
De chanbhás bán a bheidh láidir chun buanais,
Agus b'fhearr liom bás 'fháil ná an corrán a lua liom.
'San Bóileo.

Cuirfead litir faoi shéala 'dtín taobh thiar d'Éirinn,
Gurbh é an corrán a leoin mé is a dhein íospairt lem' shaol díom,
Mar bhí sé chomh géar úd agus a leithéid siúd d'fhaobhar air
Agus ghearrfadh sé an diabhal dá bhfaigheadh iarracht sa méir de.
'San Bóileo.

Ba ghreannmhar an taibhreamh a deineadh aréir dom,
Gur bheireas ar an gcorrán agus gur ghearr sé sa méir mé.
Mar bhí mise cortha is an codladh dom thraochadh
Do chuas as mo leaba seacht slata den léim sin.
'San Bóileo.

 Ba mhaith ar mo rámhainn mé is níb' fhearr ar mo shluasaid;
Do threabhfainn, thiomáinfinn is is ró-bhreá do bhuailfinn;
Do bhéarfainn ar mo chamán im' dheasláimh mar ba dhual dom;
Ach mo léan ar mo chorrán; chuir sé creathán im' ghuaillibh.
'San Bóileo.

Do bhí sé chomh fada, chomh leathan, chomh réídh sin,
Agus dheamhan fear 'na bheatha a choimeádfadh 'na ghéig é;
Ach dá mbeadh sé ag Samson b'fhearr é chun laochrais
Ná Conall is Conán is lámh láidir na Féinne.
'San Bóileo.

Tá gabha geal sa Spáinn is ní thráchtfad lem' shaol air,
Tá briste ar a shláinte is go brách nár gheibhe faothamh,
Tá mallacht an Phápa is a chairde go léir air,
Do dhein sé an corrán dom is níor fhág sé roinnt maol é.
'San Bóileo.

Is is mór go mb'fhearr liom bheith ag crochadh na ndaoine,
Nó ar Aonach Bhun Machan ag obair lá is oíche,
D'éireoinn ar maidin ag gearradh na ríde,
Is mo chorrán 'om stalcadh ag cur allais mo chroí dhíom.
'San Bóileo.

B'fhearr liomsa titim sa tine trí huaire,
Nó 'n t-uisce as an gciteal a chur ag fiuchadh im' chluasa,
Nó mo chosa do bhriseadh le bithbhuillí tua,
Ná an corrán so 'om mhilleadh, 'om bhreith síos san uaigh leis.
'San Bóileo.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: