'Sí an fhaoileann an bhean bhreá ’na dtug mo chroí dhi grá,
Mar is gile í ná barr a' drúchta,
Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb,
Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort,
Pé mar atháim dá n-abróinn a bháb,
Cár mhiste liomsa trácht mar siúd ort,
Do chois, do chom, do lámha, do mhéin, do ghean de ghnáth,
Do chlú, do mheas, do cháil agus do mhúinteacht.
’Gus tá mise tinn is níl aon fháil ar mo leigheas,
Ní fíon agus ní meadhg ab fhearr liom,
Ach mo ghrá do theacht im' dh’fheighil is mo cheann a chur ’na binn,
Is ba dhóigh liom go bhfaighinn mo shláinte,
Mura dtiocfaidh tú is mé a leigheas, tiocfaidh orm treighid,
Ó m’och ó is go bhfaighidh an bás mé,
Is nach trua siúd mise im' chadhain, gan sult, gan ghreann, gan mheidhir,
Is sháigh tú led' shaighdí grá mé.
Is dá bhfaighinnse cailín deas a shuífeadh síos le m’ais,
Ní dh’áireoinn a maith ar ao' chor,
Dh’ullmhódh mo chuid bídh i gceart, nífeadh mo léine gheal,
Siúd agus mo thoil a dhéanamh,
Chuirfinn síoda uirthi mar bhrat, bróig ard agus gúna plaid,
Agus chóireoinn í ar fad den réim úd,
Seál den scarlet ceart, ribíní is dandy cap
Agus aprún den gKingdom céimric.
Dar an fhaobhar atá ar mo ghuth is dar an ngéag atá faoin lon,
Dar an chraobh úd a bhfuil an t-airne ann,
An sneachta agus an sioc a thagann chughainn anoir,
Is ansa liom thú ná mo mháthair,
Dar a bhfuil agat thall agus abhus,
Ar thír agus ar muir go hard díobh,
Dá dtiocfása liom phósfainn fhéineach thú,
Is ní scarfainnse go lá mo bháis leat.
Dar thoir agus dar thiar agus dar Dhroichead Uí Bhriain,
Agus dar a raibh de chiall ag Éire,
’S dar a ngabhann siad den iasc sna farraigí seo thiar,
Agus dar a raibh ariamh aige Damer,
Cár dheise siúd ná fíon ná gealach gheal is grian,
Agus píopaire ina ndiaidh ar thaobh chnoic,
Ní réiteoidís mo phian gan ainnir dheas na gcliar,
Mar is í a chuir mo chiall ar strae uaim.
Taifeadtaí
Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua
Pádraig Ó Cearrbhaill - Seachrán Sí