Aréir is mé ag machnamh ar Íosa mac m’Athar A daoradh le peannaid go tréithlag sa Pháis, A raibh a mhínchneas á ghearradh le sciúirsí go daingean Ar an daorchrois á cheangal Dé hAoine chun báis. A Íosa, a mhic Mhuire, saor sinn ón tine, ’S ná scaoil sa choire géar sinn go bráth, Is de réir mar a thuigim do dhlí-se gur bhriseas, Lem' smaointe, lem' choirthibh is nach éachtach é ár gcás. A mhéirligh is a pheacaigh, atá claon i do labhairt, Séan do dhrochbheatha agus géill do Mhac Dáith’, Is má dhéanfairse seasamh san méid úd do chaitheamh Ní baolach do d’anam go bhfaighidh aon drochbhás, A Mháire is a bhruinneall, gráim tú lem' chumann, Soláthar dom ionad i bhfochair Rí Geal na nGrást, Mar a mbíonn ceolta binn á seinm, glóire á ligint Do gach n-aon bocht againne; go réití ár gcás. A Rí Ghil na cruinne, gráim tú le taitneamh, Féachaint ar m’anam ’s gan é a ligint chun fáin, Is ó thraochais an t-allas le d’fhuil naofa ina ceathanna, Le haon toil le d’Athair chun an cine daonna a shábháil, Bhí na Giúdaigh á ghearradh ’s á bhualadh go daingean, Ní raibh trua acu ná taise dá n-Impire na nGrást, Bhí a mháithrín ina aice go dúchroíoch faoi mhairg, Is í ag féachaint ar a leanbh a traochadh sa Pháis. Gach créatúr atá ar buile nár ghéill riamh do Mhuire, Lá an tSléibhe nuair a thiocfaidh sea chífidh an t-uafás, Blaomfaidh an tine, na sléibhte dá mbriseadh, An ghrian uainn ag sileadh ’s na réalthainn ar lár, Tiocfaidh Micheál Naofa le fuinneamh ’s a throimpéad aige á sheinim Ag glaoch ar gach n-aon ó thír is ó thráigh, Beidh a chlaonbhearta scrite ar chlár éadain gach nduine ’S a Rí Ghléighil, cuir sinne ar thaobh do dheasláimh’.