Ar mo ghóilt ó thuaidh dtí'n Caisleán Cuanach, Is mé ag cur tuairisc ar tí mhic an óil 'Sea a chasadh bean orm, 'na suí ar fuarma Age doras tí móir ann ar thaobh a' róid. Labhraíos léi sin go banúil stuama "Óró, pray, a dhuine uasail, suigh síos go fóill Go n-ólfaimid ár ndaochaint le croí mór uasal, Cad as do ghluais tú nó cá'il do ghnó?" "I nGráig na nGabhar 'sea táimse im' chónaí Is ann a dh'fhoghlaimíos-sa chun an óil 'S gur gach uile Domhnach a' dul dtí'n teampall Ag tnúth le cabhair bheag a fháilt ón Choróin. Bím go huasal sna bailtí móra Is go ró-stuama age tí mhic an óil Nó go n-éalódh bruinneall ón tír ó thuaidh liom Nach gur mhór léi siúd mo dhúil san ól." "Nach deas a léighfinn nó is néata a scríobhfainn Nó dhéanfainn aoibhneas duit nár airís fós Imreoinn lem' mhéaranna ar na téada is maoithe Is as mo phíp bhainfinn braidín ceoil. Threabhfainn iomaire, 'muise cnoc nó bán duit Nó sciúirs' maith rámhainne a bheadh go deas chun rómhair, Dhéanfainn iascaireacht le slat a lúbfadh Is nach deas a bhréigfinn-se cailín óg." "Dá mbeadh siúd agamsa, is grán is púdar Do mharóinn cúpla den lacha móin, Giorré as a' scairt is níorbh as dom chú beag Maidean drúchta 's i 'gcóir chun siúil.'