Ní ar an gcnoc is aoirde a bhíonn mo mhaoinse,
Ach i ngleanntán aoibhinn mar a bhfásann féar;
Do labhrann an cuaichín gach uair den oíche ann,
Bíonn an chruithneacht craorach is an coirce bán.
Bíonn ba, bíonn laoigh ann, bíonn bric 'na slaoidte,
Is an eala mhín ar an loch ag snámh;
Bíonn na beacha críonna is an criathar líonta,
Is mil á taoscadh acu dom' mhuirnín bhán.
Is é mo bhuaireamh ná fuil fáil fuadaigh,
Sa tír ó thuaidh mar a bhfuil mo ghrá;
Mar a bhfaighinn mil ar luachair ann is im ar uachtar,
Is i dtúis an fhuachta na ba fé dháir.
Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta fuar ann,
Is nach ró-bhreá an cuan é do loing nó báid!
Is is é mo thuairim ná fuil breith chruaidh,
Ar an té a gheobhaidh síneadh suas lem' Neilí bhán.
Níl cnoc, níl coill ann, ná cuasán cruinn ann,
Ná áit go mbíonn sí, mo mhíle grá,
Ná fuil fear ag suirí léi de ló is istoíche,
Nach an diabhal a bhfaighidh siad mo Neilí bhán!
Is siúd í síos, an eala mhín,
Mo chumha, mo léan, mar a chonacas riamh í;
San oíche thuirling sí i mbroinn a máithrín,
Is chun mo bháis-se do cheapadh í.
Taifeadtaí
Áine Uí Cheallaigh - Binneas Thar Meon