Táilliúir an Chroí Mhóir

Tá táilliúir ' chroí mhóir ar an dtaobh so ' Shliabh gCua
Agus gearrann sé mórchuid éadaigh;
Do dh'éalaigh sé uainn, ó, le scaoinse mnaoi rua
A raibh bobs ina cluasa agus péarlaí;
Tá ceo daingean buan ar a intinn anuas
Agus beidh go Lá ' Luain is baol liom.
Mara dtagair go luath agus a thabhairt di siúd fuath
Mhuise is dealbh do chuaird in Éirinn.

A Shéamais na páirte, ó chasais id shláinte,
Ó, cuirfimid fáilte agus céad romhat
Go Buí-Chnoc na sárfhear ba mhinic tú ag gáire
Agus ainnir chiúin mhánla taobh leat;
Nín aon bhean tábhairne dá bhfuil ar an áit
Nár dhíolais an táille léithe;
Seasfaidh an tráill, ó, 's nach maith í do cháil
Cuir do bheineacht go brách le Mary.

A Shéamais Uí Chaorainn, nach dealbh an scéal é
Tú a bheith ag imeacht id' réic thar teorainn;
Go dtí an Bhreatainn má théir, óra, meathfaidh do cheird
Agus imeoir id' réic gan feoirling;
Tiocfaidh an t-éad ar an bhfear eile id' thaobh
Agus gearrfaidh, is baol é, do scórnach;
Ní bheidh Aifrinn Dé, ó, le t'anam dá léamh,
Is b'fhearr a bheith in Éirinn, ba dhóigh liom.

A bhuachaillí chroí, más imeacht is cuí dhom,
Ó, cuirigí bhur míle slán liom;
Nach minic a shuínnse seal in úr dtimpeall,
Fí chaithis is meidhir orm ag gáire;
Ní fheiceoidh sibh choíche mise sa tír seo,
Ó, rachaidh mé anonn don stáir úd;
Leanfad mo mhaoin a dtugas taitneamh dá gnaoi;
San mBreatainn a bheidh mo luí agus m'áras.


Taifeadtaí

Labhrás Ó Cadhla - Amhráin ó Shliabh gCua

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: