'A Nóra an chúil úmair 's é mo chumha nach liom féin thú, I ngleannta dubha uaigneach' nó i gcuanta bán Éireann, Mar d'fhágaise mo cheannsa gan onsa amháin céille, 'S is mac Rí mé ó Londain 'tá i bpráinn mhór duine éigint.' 'Ach raghadsa thar sáile 's fágfad Éire feasta, Sa bhFrainc atá mo thuirlingt agus comhairle na sagart, Go deo, deo ar mo ghlúine ' déanamh dúthracht' lem' anam. Ach sin slán le fearaibh Éireann ach le rí gléigeal na bhFlaitheas.' 'Óra, a Nóra, ná déin sin, pós me féineach le taitneamh, Tá cúirt agam i gcóir duit ' bhfuil diamonds agus ór air ag leathadh, Ceannóimid na grásta ós na bráithre 's ós na sagairt, Is beidh gairm bean rí agat ag luí ar do leaba.' 'Ach ní bhfaighinnse thú a phósadh 's níl dóigh agam tú a mhealladh, Mar tá mé i naoi n-úird is mo shúil ar na Flaithis, Mo ghrása an t-uan trócaireach 's an mhaighdean ghlórmhar thar a maireann, Mar b'fhearr iad lá an chúntais ná aon chéile dá bhfeaca.' 'Más ag imeacht atáir uaimse buaim leat na Flaithis, Go rabhaise go huasal ar ghuaille na n-aingeal, Comhra den chaoldair cois taobh dheas do leapan, Is mé i ngrá le cailín gaelach, iníon Laoire ón Chathair.' Taifead - Pádraig Ó Cearrbhaill - Amhráin na Séad