Maidin aoibhinn cheoch fliuch 's mé ag góilt a' chóngair síos, Do casadh cailín óg orm 's í ag crú na mbó cois claí. Bhí a píob mar sneachta ar mhórchnoc 's bhí scáil na rós 'na gnaoi. "'Sé mo léan gan mé is tú pósta, a bhuachaill óig," ar sí. "Is maith an t-am chun pósta é, a chailín óig mo chroí, Fé bhéarfaidh a thuilleadh dhen bhFomhar orainn scaoilfimíd an spórt chun chinn; Gheobhaidh tú i dtigh an óil mé nó ag baint na heorna buí. Ba dheas chun díg is romhair mé nó scóp a chuir ar chlaí." Bhíosa ag éisteacht leo uair nó dhó nó thrí Leataobh claí na teorann is a' raca im phóca thíos, Í ag insint dona máithrín agus í go cásmhar thríd Go b'é raca chúil a dh'fhág í a bhí ag fáisceadh cúil a cinn." "'S a iníon óig na n-árann, ná bíodh aon chás ort thríd. Gheobhaidh sé'n tslí seo amáireach agus cuir céad fáilte roimhe. Socraigh suíochán ard fé thíos ar lár an tí, Sciob a hata in láimh leat agus gheobhair do raca cinn." "'S ba mhaith an fear sa bhFomhar mé don té a bheadh gnó aige díom. Dhéanfainn cruach nó stáca is do thógfainn bearna chlaí; Threabhfainn iomaire bhán duit 's dh'fhoileoinn gráinne síl Nó do chasfainn súiste im láimh duit dá bhfaighinn mo shásamh díl." "'S a bhuachaill óig na n-árann, má tá do ráite fíor, Tabhair mo raca domsa agus gheobhair do shásamh dhíl, Póg is míle fáilte agus leaba shámh chun luí Ná cead dul leatsa a stróile ar bhóthar Bhaile Uí Bhaoill." Mar a bhí ag Sean Nós Beo