'A phlúirín mhilis na gcuacha mbuí,
Tar chugham go gcuirfead an bhuairt ded' chroí;
Is na deora atá ' titim anuas go fuíoch
Imeoidh siad le póga do mháthar.'
Curfá
'Is tusa mo mhaoin, mo mhaoin, mo mhaoin,
Is tusa mo mhaoin is mo bhábán; (nó 'ghrá bán')
Is tusa mo mhaoin is mo chailín ciúin caoin,
Is tú peata geal gleoite do mháthar.'
Ceannóidh mise racaid den tsíoda is fearr,
Ceannóidh mise hata is ribín 'na bharr,
Is bróigín caol canta bheadh buí nó bán,
Is cóireoidh mé mo chailín amáireach.
Nuair a ghealfaidh an samhradh is an aimsir bhreá,
Cois farraige thabharfaimid roinnt den lá,
Ag faire ar na tonntaibh i mbinn na trá,
Nach meidhreach a bheadsa is mo stóirín.
Nuair a raghad don aonach ag díol mo bhó
Beidh airgead gléigeal is buí im' dhóid;
Ceannóidh mé an féirín is daoire gheobhad
Agus tabharfad abhaile ' dtí'm stór é.
A chailín bhig imeartha an ghleo is an ghrinn
Má leagair do chinnín go fóill im' bhinn,
Beidh tamall againne gan bhrón gan deimhin,
Is ní fada go mbeimid ag gáire.
Pádraig Ó Miléadha do chum
Taifeadtaí
Áine Uí Cheallaigh - Binneas Thar Meon
Pádraig Ó Cearrbhaill - Amhráin na Séad