An Céachta

Aréir is mé ar mo leaba do smaoiníos trím' néalta
Gur imigh mo chéachta as Páirc an Chlaí Nu'.
Gheiteas is phreabas is chuireas orm mo chuid éadaigh
Is chuaigh mé go héasca ar a thuairisc ar nóin.
Shiúlaigh mé clathacha, bailte is arda,
Is chuaigh mé den stáir úd síos go tigh Chonchúir;
Ghlaos ag tigh an Racait i mBaile na hArda,
Is ní bhfuaireas aon sásamh im' chéachta breá nu'.

Is a Váitéir na n-anam, imigh chun bóthair,
Is ná cas chughainn go dtí an Tóchar gan tuairisc do ghnó,
Gabh timpeall den bhFearann is suas go dtí tigh an Cheonaigh,
Is nuair atáir ar an mbóthar glaoigh go dtí Cunún.
Ó, a chomharsain na n-anam, nach náireach mar ghnó é
Ar lorg mo chéachta a d'imigh amú?
Is ar mo chasadh dom abhaile bhí sé ag an bPaorach,
Is d'iarr sé fair play orm le cliamhain Thom gan Tóin.

Nach é an Paorach an scafaire ar beag air de náire,
Thug as an bpáirc é is mo chapall i dtiúin,
Mo chlasadh gan bhogadh is mo phrátaí gan chlúdach,
Is gurb é a deir na comharsain gur im' chodladh atáim.
Mo chomhairle má ghlacair cuirfidh tú chugham é,
Is cuirfead i gcomhad é go dtiocfaidh lá fhéil' Sheáin,
Is ar theacht an dubhearraigh nach sinn bheidh go súgach
Chun na n-ingions a chlúdach, dearg is bán?

A mhiceo na n-anam, ná bí deacair a dhúiseacht;
Fair Faill an Róin fad a éireoidh an lá;
Mar tá sé ag rith im' aigne go bhfuil trioscar ag lúbadh,
Caite sna cúlacha thíos ar an trá.
Nuair a d'éirigh mé ar maidin cé gurbh annamh liom múscailt,
Chuaigh mé den tsiúl úd go Rinn an Oileáin.
Nuair a sheasaigh mé ar bharr faille mar a mbíodh tigh Mhicil Nagle,
Bhí trioscar na dúthaí ag scrum an Ghabhláin.

Bhaineas díom mo hata is chromas ar bhéicigh,
Is chuaigh mé den heat sin síos ar an trá,
Bhí na Floinnigh bheaga mhallaithe is mac Mhuiris de Léis ann,
Seán Cnap O'Leary is Bríd Mhór Sheáin Tomáis.
Dhruideas 'na haice is rugas ar ghéig uirthi,
Is shíneas go néata í siar ar an trá,
Is é dúirt sí, ná bac liom mar tá déanta orm engaging,
Ag fear ó na sléibhte, ó mhullach Chruacháin.

As Duanaire Déiseach le Nioclás Tóibín

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: