An Londubh is an Chéirseach

Tá an londubh is an chéirseach

Is an fhuiseoigín le chéile

Is an smóilín binn bréagach

‘Na ndéidh ins gach aird.

An chuach i measc an mhéid sin

Ag seinm dánta is dréachta

Do chúl trom tais na bpéarla

Is dom chéad míle grá.

Is trua gan mé is mo shiúirín

Is barr mo láimhe dlúth léi

Go seinnfinn di go súgach

Le mórghrá dá gnaoi.

A laoi nárbh aoibhinn domhsa

Dá bhfaighinnse cead a bheith ag siúl léi

’S a rún mo chroí bí ag súil liom

Le h-éirí don lá.

Dá mbeinnse im’ smóilín

Do leanfainn tríd an mhóin í

Mar is ise bláth na hóige

Do thógfadh suas mo chroí.

Ó bheinnse ‘seinm ceoil di

Ó mhaidin go tráthnóna

Le céiliúir binn dá cealgadh

‘S le mórdháil dá gnaoi.

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

One thought on “An Londubh is an Chéirseach

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.