Nuair a chanfaidh na héanlaith go meidhreachIs éalóidh an Geimhreadh i gcéinI ndúthaigh na gcnoc is na gcoillteNuair a thiocfaidh a faghairt sa ngréinNuair a thiocfaidh na blátha ar ghéagaIs fáinleoga eásca ón SpáinnSea raghad go Dúthaigh Gheal DéiseMar léise is mór mo bháidh. Do shiúilíosa sléibhte na hAlban‘Dir bheanna ‘gus riasca ruaDo shiúilíosa slíombhántaAn chuid eile de “Dúthaigh Gheal Déise”
Tag Archives: Ciarán Ó Gealbháin
Príosún Chluain Meala (Leagan 3)
Bliain is lá amárach sea dh’fhágas an baile,A’ dul go hArd Phádraig ag cur lásaí lem hata;Bhí Buachaillí Bána ann agus rás acu ar Ghallaibh,Agus mé ’dubhach deorach i bPríosún Chluain Meala. Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le fada,Tá mo liathróid á bualadh ag buachaillí an bhaile,Tá mo chamán dá liathadh féAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 3)”
Príosún Chluain Meala (Leagan 2)
Ar maidin lae ’le Pádraig ’s mé ag fágáilt an bhaile,’S mé ag dul go hÁrd Pádraig ‘cur lásaí lem hata.Bhí Briainín is Máirín á shíor-rádh liomsa casadh,Agus mé go socair sást’ i bhfochair Sergeant ag ól leanna. Éir’id’ shuidhe a bhuachaill, agus gluais ar do ghearrán,Go ragham ’triall ar an stuairín ’tá thuas arAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 2)”
Príosún Chluain Meala (Leagan 1)
Dh’imíos-sa óm mhuintir le aird-intinn an tsaoil,Liostáil mé san arm is níor dh’fhan mé ach bliain;Dhein mé deserting, ar an mbaile ’raibh mo thriail,Is i bPríosún Chluain Meala ’tá mo leaba le bliain. Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le tamall,Tá mo chamán ag liathadh is ag fiaradh fé’n leaba,Tá mo liathróid áAn chuid eile de “Príosún Chluain Meala (Leagan 1)”
Péarla an Chúil Chraobhaigh (Gairid)
Dob aoibhinn mo bheatha ar feadh sealad i dtúis mo shaoil,Gan buaireamh gan mhairg cois Mhachan ghlas úr na gcraobh,Is ann a chónaigh an ainnir gheal, phearsanta, shuairc, mhín, tséimh,Chuirfeadh suáilceas ar m’aigne ar maidin ’s ar mheán an lae. S’í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha ’s mo thogha thar mnáibh,A dtug mo chroíAn chuid eile de “Péarla an Chúil Chraobhaigh (Gairid)”
I am a young fellow (Leagan 2)
I am a young fellow that ran out my lands and means,Agus cailleach an bhaile ná tabharfadh dam bean ná spré,Oh, I placed my affections on one that had gold in store,Agus gheallas do’n ainnir ná scarfainn léi féin go deó. We made up our minds with each other for to elope,Is do rugas anAn chuid eile de “I am a young fellow (Leagan 2)”
I am a Young Fellow (Leagan 1)
I am a young fellow that drank out his land and means,’S cailligh an bhaile ná tabharfadh dom bean ná spré,I placed my affections on one that had gold in store,’S gheallas don ainnir go leanfainn di féin go deo We made up our minds with each other for to elope,’S go dtabharfainn mo chapallAn chuid eile de “I am a Young Fellow (Leagan 1)”
Fuaireas-sa cuireadh
Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a’ bpósadhHacstaí micidí hicidí hum,Is olc a chuaigh an cuireadh san dómhsaHacstaí hódaí micidí hicidí hum,Dhódh mo stocaí ’gus ghoideadh mo bhrógaHacstaí micidí hicidí hum,Agus thit mo bhean in oighean na feolaHacstaí hódaí micidí hicidí hum, Ní bhfuaireas-sa scian ná forc chun a tógtha,Ach scian do bhí briste ’gus forcAn chuid eile de “Fuaireas-sa cuireadh”
Cailín Deas Crúite na mBó
Tá bliain nó níos mó agam ag éisteachtLe cogar doilíosach mo mheoin,Ó chasadh orm grá-gheal mo chléibheTráthnóna breá gréine sa bhfómhar.Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimne’’S na héanlaith go meidhreach le ceol,’S ar bhruach an tsrutháin ar leataobh díomBhí an cailín deas crúite na mbó. Tá a súile mar lonradh na gréineAg scaipeadh tréAn chuid eile de “Cailín Deas Crúite na mBó”
Baile Uí Gháigín
Tá Baile Uí Gháigín, mo chumha, fé mhairgTríd an scafaire álainn.Gach n-aon a ghabhadh a’ tslí chun aoibhneas a tharraingt,Thugaidís oíche is lá ann.Nuair a chuirfeá ort do phíb is ea a thagadh an sagart,Is ba róbhreá d’imirt a bhí ar áilleacht.I bhFlaithis Mhic Dé i measc na naomh go raibh t’anam,Agus chuirfeadh Naomh PeadarAn chuid eile de “Baile Uí Gháigín”