Fiach na Claise Muaire

Siúd amach a’ madra ’gus leanamar leis na gadhair é,
Suas tríosna gearra-chnuic ’s trí thalamh an Phaoraigh.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Suas Ceapa Chuinn ’s trí Shléibhte Leasa Muaire,
Cnoc Mhaol Domhn’ agus sneachta go leór air.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Síos chun na Carraige ’sea fuaireamar ár radharc air,
Mná ’gus linbh ar chnuic agus ar shléibhte,
’S iad a’ féachaint ar a’ ngreadhnach ’s é á thraocha.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Suas chun a’ bhaile beag a dtugann siad an Uidhir air,
Chua’ sé fé thalamh ann mar b’é leaba ’bhí gen ngreadhnach.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

An Dr. Seán Ua Súilleabháin, Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a chur ar fáil. I dtigh Thaidhg i mBarra na Stuac a thógadh é, 24 Lúnasa 1992.

Tadhg Cundún ag canadh

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.