Ar maidin moch do ghabhas amach ar bruach Locha Léin
An Samhradh teacht ‘san chraobh lem ais agus lonnradh te on ngréin
Ar mo thaisteal dom tré bhailtí poirt agus bánta míne réidh
Cé gheobhainn lem ais ach an chúilfhionn deas le fáinne geal an lae.
–
Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóca ar mo stóirín óg ón spéir
Ach folt fionnóir bhí síos go troigh ag fás go barr an fhéir
Bhí calán crúite aice ‘na glaic is ar drúcht ba dheas a scéimh
Is do rug barrghean ó Bhénus dheas le fáinne geal an lae.
–
Do shuigh an bhrídeach síos lem ais ar bheinsín glas dhen bhféar
Ag magadh léi do bhíossa de bhrí ná scarfainn léi
Sé dúirt sí liom ná himigh uaim agus scaoil mé ag siúl mo réim
Sin iad aneas na soilse ag teacht le fáinne geal an lae.
–
Leagan Béarla – Canta go macarónach uaireanta
One morning early as I marched out by the margin of Lough Neagh
The sun shone bright, the trees in green, the summer bloomed again
I left the town and wandered on through fields all green and gay
Whom should I meet but a coleen sweet by the dawning of the day.
–
No cap nor cloak this maiden wore, her neck and feet were bare
Down to the ground in ringlets hung her locks of golden hair
With milking pail all in her hand she was lovely, young and fair
And she bore the sway from Venus bright by the dawning of the day.
–
On a mossy bank I sat me down my lassie by my side
In gentle words I courted her and asked her to be my bride
She said young man don’t break my heart but let me go my way
For the morning’s light will be shining bright by the dawning of the day.