Fáth mo Bhuartha

'Sé fáth mo bhuartha ná faighim cead cuairte
Sa ngleanntán uaigneach ina mbíonn mo ghrá;
Bíonn mil ar luachair ann, im ar uachtar
Is go tús an fhuachta bíonn na crainn fé bhláth.
Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta cruaidh ann,
Tá caladh is cuan ann ag loing is ag báid;
Tá tuilleadh bua ann, níl turas na Cruaiche ann
Don té dhéanfadh suas lena mhúirnín bán.

'Sé dúirt tú, a stóirín, ó bhí tú óg deas,
Go ndéanfá foghlaim ar éalú liom;
’S nach mbíonn tráthnóna nó maidin cheofhliuch,
Nach thú an réalt eolais a bhíos ag gabháil romham;
Ag siúl na móinte is na gcoillte cnómhar,
Ní bheadh orm brón ná duifean croí,
Ach mé bheith pósta lem' mhíle stóirín,
Is mo láimh go bródúil ar a brollach mín.

Taifeadtaí

Cárthach Mac Craith – An Tobar Séimh

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.