'Sé fáth mo bhuartha ná faighim cead cuairte Sa ngleanntán uaigneach ina mbíonn mo ghrá; Bíonn mil ar luachair ann, im ar uachtar Is go tús an fhuachta bíonn na crainn fé bhláth. Níl gaoth aduaidh ann, níl sneachta cruaidh ann, Tá caladh is cuan ann ag loing is ag báid; Tá tuilleadh bua ann, níl turas na Cruaiche ann Don té dhéanfadh suas lena mhúirnín bán. 'Sé dúirt tú, a stóirín, ó bhí tú óg deas, Go ndéanfá foghlaim ar éalú liom; ’S nach mbíonn tráthnóna nó maidin cheofhliuch, Nach thú an réalt eolais a bhíos ag gabháil romham; Ag siúl na móinte is na gcoillte cnómhar, Ní bheadh orm brón ná duifean croí, Ach mé bheith pósta lem' mhíle stóirín, Is mo láimh go bródúil ar a brollach mín.
Taifeadtaí
Cárthach Mac Craith – An Tobar Séimh