Máirtín a’ Bháille

Ag góilt amach dom tráthnóinín aerach,
thugamar féin an samhradh linn,
gan neach 'om' ghóilt ach mé ag taisteal im' aonar,
thugamar féin an samhradh linn;
casadh im' chuaird liom beirt áiléadach,
thugamar féin an samhradh linn,
ar thaobh na gréine de chnocán Paorach,
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá
Thugamar, thugamar, thugamar, thugamar,
thugamar féin an samhradh linn,
thugamar cheana is cé bhainfeadh dínn é,
thugamar féin an samhradh linn.

Máirtín Ó Ciardhubháin, buachaill scléipeach,
thugamar féin an samhradh linn,
's pocán le Fathaigh ó Bhearna an Dré amuigh,
thugamar féin an samhradh linn.
Bhí an dís úd deirim is iad go lánfhaobhrach,
thugamar féin an samhradh linn,
ag tobhach is ag tairiscint catha dá chéile,
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

Bhí an pocán allta is cealltar dána air,
thugamar féin an samhradh linn,
'na sheasamh ar stolla, ar charraig in airde,
thugamar féin an samhradh linn,
lena bhannláimh de mheigeall is adharca scáineacha,
thugamar féin an samhradh linn,
is gaiscíoch calma ná beadh aige scáth roimis,
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

Bhí Máirtín fé ghruaim go buartha feargach,
thugamar féin an samhradh linn,
lena mhaide glan éille is faobhar air chun maraithe,
thugamar féin an samhradh linn,
mionnaí móra is móid á spalpadh aige,
thugamar féin an samhradh linn,
dá bhfaigheadh sé caoi go ndéanfadh sé stalca dhe,
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

Labhair an pocán is dúirt go gairgeach,
thugamar féin an samhradh linn,
'Cad é do chúis chugham a chlamhaire sheanduine?'
thugamar féin an samhradh linn,
'Nó cad é an fáth go bhfuil tú ag eascainí?'
thugamar féin an samhradh linn,
'Ag rith m'ainm 's mo cháilse anuas fé tharcaisne,'
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

'Dalladh gan leigheas ort, treighid is tnáthairt,'
thugamar féin an samhradh linn,
'A ghiolla na n-adharc gan aithis gan náire,'
thugamar féin an samhradh linn,
'Agus fios agad' chroí gur dheinis romáile,'
thugamar féin an samhradh linn,
'Go moch ar maidin lem' dhorn gabáiste,'
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

'B'é do chuidse gabáiste an gabáiste beag gioblach,'
thugamar féin an samhradh linn,
'Sciomaigín gan aird, 's nárbh fhiú thar phinginn é,'
thugamar féin an samhradh linn,
'Cíortha, slámtha ag cearca giobacha,'
thugamar féin an samhradh linn,
'Lachain is géanna ag rince sa mullach air,'
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

Ar mo ghóilt thar bráid le práinn is dithneas,
thugamar féin an samhradh linn,
d'fhéachas thar fál 's mheabhraigh mé an chuideachta,
thugamar féin an samhradh linn,
ghlac mé tnúthán leo, ós á insint duit,
thugamar féin an samhradh linn,
má ba mhuileat é an mádh go n-imreoinn cluiche leo,
thugamar féin an samhradh linn.

Curfá

Riobard Bheldon do chum
As an leabhar Riobard Bheldon: Amhráin agus Dánta le Pádraig Ó Macháin

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: