Rinn Ó gCuanach áras síth,
Dúthaigh aoibhinn Gael gan cháim,
Riamh thug cúl le siosma an tsaoil,
Is thug a cluais le ceolta trá.
Ucht na mara adhairt a cinn,
Sonasach a luí ansiúd -
Scáil na sléibhte ar a binn,
Is céadgha gréine ar a cúl.
Céadfhonn na gcorraíonn flóis,
Sceineann seacha an ghaimhsprid mhall!
Sonfhonn ina gcanaid smóil
Doichlaoi ceoil le crónú crann!
Cois na gcumar, séimh an siúl,
Mar a luaid srutha a scéal
Leis an mórmhuir meantach mbuach
Séimh an siúl le héirí an lae.
Scoth na Gaeltachta an Rinn,
Craolachán Chláir Fódla an iúil,
Tobar tomtha chleite bhinn
Sheathrúin Chéitinn cléireach clúmhail.
Áine Ní Fhoghludha Bean Uí Néill a chum
Taifeadtaí
Cárthach Mac Craith – An Tobar Séimh