Dob aoibhinn mo bheatha feadh sealad i dtúis mo shaoil, gan bhuaireamh gan mhairg cois Machan ghlas úr na gcraobh, 's ann a chónaigh an ainnir gheal, phearsanta, shuairc, mhín, tséimh, chuirfeadh suáilceas ar m'aigne ar maidin 's i meon an lae. B'í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha is mo thogha thar mnáibh a dtug mo chroí gean agus taitneamh dá bráid gheal bhán, 's é mhéadaigh ar m'osna agus chuir mé lem' ré chun fáin, nuair a scaras, mo dhochar, le hainnir na mbuígcocán. A chumann na gcumann nach ormsa bhí an mí-ádh, is iomad den doras ná léigfidh mé dhíom go bráth, comhairle mo leasa níor ghlacas in am ná i dtráth, 's é mo léan 's mo dheacair mar ar cheangail me riamh lé páirt. Nach suarach mar ghnó é bheith ag siúl air na maoile seo thiar, ó Charraig an Iolair go himeall loch Com an Fhia, ag smaoineamh 's ag machnamh, go n-iompaíonn an ghrian aniar, ar ghile na gile, mo chailín deas mánla ón tsliabh. Cárbh ionadh mo thitim sa tubaist is laghad mo cháil, féach Diarmaid, laoch cliste, an fear cúilar an bhFéin do b'fhearr, chuir Gráinne fé gheasa é go bhfuaireadh a chorp ar lár nuair threascair an torc é sa tseilg air Bhinn Ghulbáin. Anois ó táim cloíte is d'imíos im' spreas gan aird, mo shlán chun gach bruinneall dheas mhilis dá dtug mé páirt, i dtigh tábhairne an ghloine ba mheidhreach mé im' shuí i gceann cláir, is go n-ólfainn a sláinte go fáilteach, is go dté sí slán. Foinse - Riobard Bheldon: Amhráin agus Dánta le Pádraig Ó Macháin Riobard Bheldon do chum