Na Conneries

A Choimín mhallaithe guímse deacair ort ’s gráin Mhic Dé,
Agus ar an ngasra úd ’tá ceangailte go dlúth led thaobh,
Mar is sibh a dhearbhaigh i láthair Choisteala ar an triúr fear séimh,
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales.

An té bheadh ina sheasamh ann is a dhéanfadh machnamh ar ár gcúis á plé,
Mar a sheasaigh sí óna seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi.
Chrith an talamh fúinn le linn na leabhartha á dtabhairt sa mbréig,
Is mo ghraidhnse an t-anam bocht tá sé damanta más fíor don chléir.

Tá jaicéid ghairid’ á ndéanamh ó mhaidin dúinn agus triúis dá réir,
Culaithe farraige, ní nár thaithíomar* i dtús ár saoil.
Murach feabhas ár gcaraid dúinn bhí ár muiníl cnagtha ’s sinn go doimhin faoin aol,
Nó gur chasadh sinn chun téarmaí a chaitheamh ins na New South Wales.

A Bhanríon Bheannaithe ’s a Rí na bhFlaitheas geal tabhair fuascailt orainn araon,
’S ar an mbanaltrain atá sa mbaile go dubhach inár ndéidh.
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guíochaint chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ós na New South Wales.

*nó (‘ní nár chaitheamar’)

Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978 agus de Noraidh, L. (Eag. Ó hÓgáin, D.) Binneas Thar Meon Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath; 1994

Clois Tóibín, N. Rinn na nGael Cló Iar Chonnachta; 1999

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: