Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth,
Ag réabadh mo dhoras dúnta?
Mise Eamonn an Chnoic atá báite fuar fluich
Ó shiar-shiúl sléibhte is gleannta.
A laogh ghil is a chuid cad a dhéanfainn-se dhuit
Mura gcuirfinn ort beinn dhem’ ghúna?
‘S go bhfuil púdar go tiubh dá shíor-shéideadh leat
Is go mbeimís araon múchta.
Is fada mise amuigh, faoi shneachta is faoi shioc
‘S gan dánaíocht agam ar aon rud
Mo sheisreach gan scur mo bhranar gan cur
Is gan iad agamsa ar aon chor.
Níl carad agam, is danaid liom san
Do ghlacadh mé moch nó déanach
‘S go gcaithfidh mé dul thar farraige soir
Ó is ann ná fuil éinne dem’ ghaolta
A chumainn ‘s a shearc, raighmídne seal
Fá choillte ag spealadh drúchta
Mar a bhfaighmíd an breac ‘s an lon ar a nead
An fia is an poc ag búithrigh
Na héiníní binne ar ghéigíní a’ seinm
Is an chuaichín ar bharr an iubhair ghlais
Go bráth bráth ní thiocfaidh an bás in ár ngoire
I lár na gcoillte cúmhrtha.