Príosún Chluain Meala (Leagan 1)

Dh’imíos-sa óm mhuintir le aird-intinn an tsaoil,
Liostáil mé san arm is níor dh’fhan mé ach bliain;
Dhein mé deserting, ar an mbaile ’raibh mo thriail,
Is i bPríosún Chluain Meala ’tá mo leaba le bliain.

Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le tamall,
Tá mo chamán ag liathadh is ag fiaradh fé’n leaba,
Tá mo liathróid á bualadh age buachaillí an bhaile,
Is mar bharr ar gach scéala mise daortha i gCluain Meala.

Do chuireadar ar chúirt mé, mo thuirse ’s mo dheacair!
Ó Chluain Meala go Port Láirge i mbáidín ar an gcaise;
Bhí buachaillí óg’ ann, mná pósta ’gus a bhfearaibh,
Is mo Neilí go dubhach deorach ag siúl na mbóithre lem leanbh.

Trí leagan ar fáil ar seannobeo.ie

Féach: http://www.seannosbeo.ie/?page_id=287

Published by Stór Oidhreachta na nDéise

Tá Comhlucht Forbartha na nDéise ag obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainn agus pobail i nGaeltacht na nDéise ó 2005 ar aghaidh.

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.