Chuas ar mo frolic ar mhallaing i dtúis mo shaoil
Nuair a chuas go Cnoc Grafa mar a mbaintear an Fomhar le faobhar,
Shíleas go bhfaighinn cead codladh mar a chleachtaíos im' dhúiche fhéin
Bhí an scológ 'na sheasaimh ar maidin le bárd í an ? (is b'ard í a ghlao'?).
"Móra dhuit, a thraibhiléir", is bheannaigh sé fhéin ar dtúis;
[Ar] sé, "cad as a reachaigh ó bhaile nó ar reachas ó Dhroichead leath(?) thú?"
[Ar] sé, "Conas ó mhaidin a shiúlaís an méid sin slí?
Gan aon fhear agamsa ar a chorraigh chugham fós 'na suí."
Nuair a chualaigh a' gasra phreabadar suas 'na suí
Bhí stocaí á stracadh is lascaí sean-bhróg a bhí críon'.
Dhera, bhain mé chun reatha 's ní raibh neart ar mo dhéana' aon mhoill,
Do chailleas mo hata 'gus thugas lá a' buainte im' mhaoil.
Is siar go dtí Mala ' chuir m'athair mé ag iarraidh mná.
Ar mo chasadh dhom abhaile 'sea chasadh an fia fím bhráid.
Thit mé dhom' chapall is bhriseas dhá dtrian mo chnámh',
Is ó a Dhia le m'anam má chailleas mo chiall le mná.
Saighdiúirín singil mé ' bhriseadh as garda an rí,
An dá dheamhas phingin agam a thabharfainn ar cháirtín dí.
Bhuailfinnse an drum duit is dh'imreoinn an cláirseach bhinn
'S ag aonach Chill Dara 'sea scaras le grá mo chroí.
Taifeadtaí
Séamas Turraoin - An Grá dod Dhúchas