Na Prátaí Dubha

Is iad na prátaí dubha a dhein ár gcomharsana do scaipeadh orainn,
Do chuir ins na poorhouse iad ’s anonn thar na farraigí,
I Reilig an tSléibhe atá na céadta acu treascartha,
Is uaisle na bhflaitheas go ngabhair a bpáirt.

A Dhia na Glóire, fóir is freagair sinn,
Scaoil ár nglasa agus réidh ár gcás,
Ar an bheatha seo arís ó do chroí go gcasair orainn
Is na poorhouse go leagair anuas ar lár.

Más mar gheall ar an bpeaca claon a tháinig an chéim seo eadrainn,
Oscail bhur gcroí agus díbir an ghangaid as,
Lig braon de d’fhíorsprid arís chun ár gcneasaithe,
Is uaisle na bhflaitheas go réidhe ár gcás.

Tá na bochta so in Éirinn ag plé leis an ainnise,
Buairt agus anacair is pianta báis,
Leanaí bochta ag béiceadh is ag screadanaíl gach maidin,
Ocras fada is gan dada le fáil.

Ní hé Dia a cheap riamh an obair seo,
Daoine bochta a chur le fuacht is le fán,
Is a chur ins na poorhouse go dubhach is glas orthu
Ag feall ar bhochta Dé nár thug riamh dóibh saibhreas ach ag síorobair dóibh ó aois go bás.

A Rí na Trua is a Uain Ghil bheannaithe,
Fuascail ar an ainnise athá inár gcrá,
Ná lig ar strae uait fhéin an t-anam bocht
Is a fheabhas ’s a cheannaigh tú é sa Pháis.

Beidh Rí na Glóire fós ag freagairt dóibh,
’S an Mhaighdean chumhachtach go humhal á nglacadh isteach,
Beidh an dá aspal déag ag déanamh dóibh caradas,
Sin stór ná beidh caite acu go Lá an Bhrátha.


Taifeadtaí

Nioclás Tóibín - Rinn na nGael

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: