An Droimfhionn Donn Dílis

A Dhruimfhionn Donn Dílis, a shíoda na mbó
Cá ngabhann tú san oíche, is cá mbíonn tú sa ló?
Ó bím-se ar na coillte is mo bhuachaill im’ chomhair
Agus d’fhág sé siúd mise ag sileadh na ndeor.
 
Níl fearann, níl tígheas agam, níl fíonta na ceol;
Níl flathaibh im’ choimhdeacht, níl saoithe ná sló;
Ach ag síor-ól an uisce go minic sa ló,
Agus beathuisce is fíonta ag mo naimhde ar bord.
 
Dá bhfaighinn-se cead aighnis nó radharc ar an gcoróin,
Sasanaigh do leidhbfinn mar a leidhbfinn sean-bhróg
Tré chocaibh, tré fhaillte, tré ghleannta dubh-cheo,
Agus siúd mar a bhréagfainn-se mo Dhroimfhionn Donn Óg.
 

Freagra

Ní fhoilseofar do sheoladh ríomhphoist. Feicfidh tú an comhartha * le hais gach réimse atá riachtanach

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.