An Samhradh ag Filleadh go hÉirinn

Tá an geimhreadh caite agus greim an ghairfin
Mhilltigh, mhallaithe réabhta.
An ghrian ag taitneamh i ndiaidh na fearthainne
Is fialacht earraigh mar aon leí.
Na mílte capaill ag cíoradh garraithe
Síol i dtalamh á thaoscadh
An abhainn ag titim, an rabharta imithe
Is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.
 
Tá taibhse tagaithe ar choillte cheana
Na crainn ag breacadh go néata.
Na h-éin ag labhairt ar ghéaga glasa
Le faobhar ag freagairt a chéile.
Mórchuid beacha ag cur túraisc meala
Na h-uain ag preabadh ‘s ag léimnigh
Greann in ionad na dtonn a d’imigh
Is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.
 
Is seolta sugarach glór an tsrutha
Is is gleoite ag fiuchadh go gleígeal.
Tá meidhir ag casadh gan teimhil de scamall
Ar mhuintir bheannaithe Éilge.
Grá le m’anam na bánta glasa
Mo ghrá go dearbh na sléibhte
Beidh greann anois ins na gleannta binne
Is an samhradh ag filleadh go hÉirinn.
 
Pádraig Ó Miléadha do chum

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: