An Carabhat

Is fada ‘tá fuaim ag gluaiseacht eadrainn,
Ag tuar chun sparainne i gClár Uí Néill;
Ó bhailtí na tuatha go bruach na farraige,
Uabhar agus eagal agus ár ar Ghaedhil.
Tá siosma ró mhór ins an gcuan seo in aice linn,
An Eaglais buartha ar uair an Aifrinn,
Ag sileadh na súl ag tabhairt cómhairle bhúr leasa dhíbh,
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal.
 
A bhuachaillí croí ná bigí i bhfeirg liom,
Is díbh-se spreagaim mo ráite béil;
Tagann osna im chroí nuair a chím ná leanann sibh
Dlíghe na hEaglaise ‘s áilne méinn,
Ach ag imeacht le baois ag déanamh aimhlis bhúr n-anama
Mar a bheadh daill gan radharc ar mearathal,
Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhúr naimhde ag magadh fúibh,
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal.
 
‘Sé teagasc na cléire a’s réir na hEaglaise,
An tslí mar measaim-se b’fhearr chun Dé;
‘S ní ag dul chun an aonaigh le faobhar go feargach,
Tréan fé arm chun lámhach na bpiléar.
Nach dealbh an scéal é dá léigheadh ag Gallachoin
Gurbh iad Clanna Gaedheal ‘tá ag déanamh an achrainn,
Ag fealladh ar a chéile fé ghné gach seanacheirt
Bheist agus Carabhat bán do thréig.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: