Bánchnoic Éireann Ó

Beir beannacht óm’ chroí go tír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann ÓChun a mhaireann de shíolra Ír agus Éibhir ar Bhán-chnoic Éireann Ó.An áit úd ‘narbh aoibhinn binn guth éanMar shámh-chruit chaoin a’ caoineadh GaedhalMo chás a bheith míle míle i gcéin ó Bhán-chnoic Éireann Ó. Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann, Bán-chnoic Éireann Ó.‘S is fearra ná an tír seo díogha gach sléibhe ann, Bán-chnoic Éireann Ó.Is árd a coillte ‘s is díreach réidhIs an bláth mar aoil ar mhaoilinn géag,Tá grá im’ chroí ‘s im’ intinn fhéin do Bhán-chnoic Éireann Ó. Ní fhaicim a gcóraidh a’ góbhail sa taobh seo, Bán-chnoic Éireann Ó.Ní fhaicim a mbólacht dá seoladh chun féir ann, Bán-chnoic Éireann Ó.Ach loingeas dá seoladh le fóir-neart gaoth,Is carraigí móra go deo lena dtaobhGo bhfaictas mé fós im’ chóige féin, ar Bhán-chnoic Éireann Ó Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann, Bán-chnoic Éireann Ó.D’fearachoin groí ná claoífeadh céadta, ar Bhán-chnoic Éireann O.Ar m’ath-tuirse chroí mo chaoine ghéar,Iad ag galla-phoic thíos fé ghreím mo lean,Is a mbailte dá ríomh fá chíos go daor, Bán-chnoic Éireann Ó.Donnchadh Rua Mac Conmara do chum