Ar m’éirí dhom ar maidin, grian an tsamhraidh ag taithneamh, ‘Chuala an uaill dá casadh, agus ceol binn na n-éan; Broic is míolta gearrtha, creabhair na ngoba fada, Fuaim ag an macalla, is lámhach gunnaí tréan. An sionnach rua ar an gcarraig, míle liú ag marcaigh, Is bean go dúbhach sa mbealach ag áireamh a cuid gé. Anois tá an choill dá gearradh, triallfaimíd thar caladh, ‘S a Sheáin Uí Dhuibhir a’ Ghleanna, tá tú gan ghéim. Is é sin mo uaigneas fada, scáth mo chluas dá ghearradh, An ghaoth aduaigh am’ leathadh, agus bás ins an spéir; Mo ghadhairín suairc dá cheangal, gan chead lúith ná aistíocht, Do bhainfeadh gruaim den leanbh i meán ghil an lae. Croí na n-uaisle ar an gcarraig go ceáfrach buacach beannach. Do thiocfadh suas ar aiteann go lá deireadh an tsaoil, ‘S dá bhfaighinn-se suaimhneas tamall ó dhaoine uaisle an bhaile, Do thriallfainn féin ar Ghaillimh is d’fhágfainn an scléip. Is é seo mo ró-chreach maidne ná fuair mé bás gan pheaca Sula bhfuair mé scannal fé mo chuid féin; Is a liacht lá breá fada thig úlla cumhraAn chuid eile de “Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna”