Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna

Ar m’éirí dhom ar maidin, grian an tsamhraidh ag taithneamh,
'Chuala an uaill dá casadh, agus ceol binn na n-éan;
Broic is míolta gearrtha, creabhair na ngoba fada,
Fuaim ag an macalla, is lámhach gunnaí tréan.
An sionnach rua ar an gcarraig, míle liú ag marcaigh,
Is bean go dúbhach sa mbealach ag áireamh a cuid gé.
Anois tá an choill dá gearradh, triallfaimíd thar caladh,
‘S a Sheáin Uí Dhuibhir a’ Ghleanna, tá tú gan ghéim.
 
Is é sin mo uaigneas fada, scáth mo chluas dá ghearradh,
An ghaoth aduaigh am’ leathadh, agus bás ins an spéir;
Mo ghadhairín suairc dá cheangal, gan chead lúith ná aistíocht,
Do bhainfeadh gruaim den leanbh i meán ghil an lae.
Croí na n-uaisle ar an gcarraig go ceáfrach buacach beannach.
Do thiocfadh suas ar aiteann go lá deireadh an tsaoil,
‘S dá bhfaighinn-se suaimhneas tamall ó dhaoine uaisle an bhaile,
Do thriallfainn féin ar Ghaillimh is d’fhágfainn an scléip.

Is é seo mo ró-chreach maidne ná fuair mé bás gan pheaca
Sula bhfuair mé scannal fé mo chuid féin;
Is a liacht lá breá fada thig úlla cumhra ar chrannaibh,
Duilliúir ar an ndair agus drúcht ar an bhféar;
Anois táim ruaigthe óm' fhearann in uaigneas i bhfad óm' charaid
Im luí go duairc fé scartaibh is i gcuasaibh an tsléibhe.
Is muna bhfaigheadsa suaimhneas feasta ó dhaoine uaisle an bhaile,
Tréigfidh mé mo seilbh agus fágfad an saol.

Taifeadtaí

Cárthach Mac Craith – An Tobar Séimh

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: