A Spailpín, a Rúin

A Spailpín, a rúin, dé do bheathasa chugainn
 Nó cár bhainis an fómhar chomh luath san?
 Dá mbeadh a fhios agam féin cá rabhais aréir
 Ba ghairid liom do bhéal a phógadh.
 A chailleach bhuí chróin, níor mhilis liom do phóg
 Is ní ghlacfainn céad bó mar spré leat,
 Mar go mb'fhearr liomsa póg ó chailín beag óg
 Ná a bhfuil agat ar bhord an tsléibhe amuigh.
 

 A Spailpín, 's a stór, fan socair go fóill
 Go bhfaigheadsa mo chaidhp is mo chlóca,
 Mo bhróga sáil bata le búclaí an fhaisin
 Is go deimhin ná go mbogfadsa an ród leat;
 Ó raghad leat go caiseal nó go Cluain Gheal na Meala
 'S go Carraig na Siúire thar m'eolas
 Ach go brách an fhaid a mhairfead
 Ní thriallfadsa abhaile
 Is cuma cé 'bhainfidh an eornan.
 

 Is a bhuachaillí crua, gearraigí go luath
 Agus cuirigí bhur gcúnamh le chéile
 Go mbainfimidne dúiseacht as bhodaigh a' phlúir gheal
 'S go raghaimid 'nár ndúthaigh féinig.
 Sé cloisim á rá ná seasfaimid an lá
 'Gus na bodaigh 'tá lán dhe phónaire
 Ach ní acu súd atá ach ag Rí na nGrást
 Is go dtuga Dia slán ón bhfómhar sinn.

Taifeadtaí

  • An Tobar Séimh – Cárthach Mac Craith
  • Idir Dhá Chomhairle – Áine Uí Cheallaigh
  • Rinn na nGael – Nioclás Tóibín

http://seannos.tg4.ie/baile/amhranaithe/aine-ui-cheallaigh/a-spailpin-a-ruin-amhrain-is-ansa-liom/

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: