Má phósann tusa an t-iascaire beidh agat gan aon fhear
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Tógfaidh sé a shéolta maidin Dé hAoine
Is má éiríonn stoirm ní chasfaidh sé chóidhche
B’fhearra dhuit-se mise ‘gus an ceol atá sa phíob agam,
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Má phósann tusa an táilliúr beidh agat gan aon fhear
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Cuirfidh sé ar an mbord thú ó mhaidin go dtí’n oíche
Ag creimneál píosaí ar thóin seana-bhrístí.
B’fhearra dhuit-se mise ‘gus an ceol atá sa phíob agam,
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Má phósann tusa an feirmeoir beidh agat gan aon fhear
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Cuirfidh sé amach thú lá mór gaoithe
Ag crú na mbó is ag staitheadh phuirseach bhuí dho
B’fhearra dhuit-se mise ‘gus an ceol atá sa phíob agam,
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Má phósann tusa an tinncéir beidh agat gan aon fhear
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Cuirfidh sé ar an mbolg thú ó mhaidin go dtí’n oíche
Ag síor-chuir píosaí ar thóin seana-cheaintíní
B’fhearra dhuit-se mise ‘gus an ceol atá sa phíob agam,
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Ach, má phósann tusa an píobaire beidh agat do rí-fhear
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.
Seinnfidh sé port dhuit ar iompó na réalaí
A thógfaidh an ceo is an brón suas dhed’ intinn
Cuirfidh sé in óige thú in áit do dhul in aois duit,
A Mhúirnín dílis, Eibhlín Ó.