An Goirtín Eornan

Is buachaillín fíor-óg mé, go bhfóire orm Rí na ngrás,
Thug searc do chailín óg i dtigh an ósta le comhrá gearr.
Ní raibh hata uirthi na húda ná búclaí buí déanta práis,
Ach téip i gcluais a bróigín, 's í mo stóirín í go bhfaighe mé bás.

Móra dhuitse, a éinín, ag léimnigh ó chrann go crann,
Dá neosainn brí mo scéil duit ní féidir go ndéanfá rún.
Beir litir uaim fé shéala go cúl craobhach na bhfainní fionn
Go bhfuil mo chroí dá chéasadh is nach féidir liom codladh ciúin.

Tá gaoth aneas is tóirneach is mórshruth le habhainn na Laoi
Sneachta ar na bóithre is mórshioc á mheascadh thríd.
Ní áirím fuaim ag rónta ná ceól binn ag éin ar chraoibh
Ó chailleas-sa mo stóirín, 's í a thógfadh an ceo dem chroí.

Ní dod' ghoirtín eornan, a stóirín, a thugas grá,
Ná dod' chúpla cóifrín den ór buí dá mbeidís lán;
Do chapaill ná do bhólacht go deo deo ní chuirfinn i bhfáth,
Ach blas do chúpla póigín, ba dhóigh liom gurbh iad ab fhearr.  

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: