Idir Aird Mhór is Eochaill

Idir Aird Mhór 's Eochaill sa ród seal do bhíos
Ar chóngar na taoide 's í ag tráchaint,
Sea do dhearcas an ógbhean go mómharach binn
'S a cuacha léi cíortha go básta.
Is cailín ó Eochaill í, is eolach dom í
Is tá sí gan pósadh go bpósfadsa í;
Tá coróin gheal i mo phóca agus ólfaimid í
Is fágfaimid siúd mar atá sé.

Do thugas grá cléibh' duit, a spéirbhean ar dtúis
Nuair a leagas mo shúil ar do bhánchnis,
'S go mb'fhearr liom ná mórchuid den ór atá agat
Go mbeifeá sa chúinne ag mo mháithrín.
Bheadh do bhabaí breá bó agat tráthnóna le crú
'S do leaba ghlan cóirithe ó ló dhuit sa rúm.
Chuirfinn búclaí i do bhróga luach coróineach 's puint
Is a stóirín, ná tabharfá do lámh dom?

'Ní thabharfainn mo lámh duit go brách le haon fhonn
Go gcuirfead scéala ar dtúis chun mo mháithrín,
Mar fuair sí do thuairisc go suarach ar dtúis
Gur minic do chúrsa go dtí an tábhairne;
Ná raibh aon ní le n-ól agat ó choróin go dtí punt
Ag caitheamhy do stóir ar mhná óga is ar lionn.
Tar éis díol as fear ceoil ní bheidh feoirling i do phúitse,
Is a stróille, cé thabharfadh bean bhreá dhuit?'

Ná creidse na scéalta 's na bréaga atá ar siúl;
Is annamh é mo thuras go tigh an tábhairne.
Tá airgead i mo phóca agus mórchuid i mo thrunc,
Níor ólas riamh punt ar aon láthair.
Bheadh a mhalairt de ghnó againn sa bhfómhar atá chughainn,
'Baint garraithe prátaí is ag cur stácaí ar a mbonn,
Is mo mhacha a bheith lán de bha bána is dubha
Gan aoinne chun iad a chrú ach mo mháithrín.

Féach: http://www.seannosbeo.ie/?page_id=268

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: