Fill a Bhruinneall

Fill a bhruinneall ó fill ó fill
Ó fill a chuisle ó fill ó fill
Tréigse go tapaidh an claon is an chathair
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill
Tréigse go tapaidh an claon is an chathair
Nó titfeadsa i ngalar gan mhoill gan mhoill.

Cá h-ionadh mé léanmhar faoi chrá faoi chrá
'S tusa i gcéin uaim a ghrá a ghrá
Gleann Cuilinn bhí ceolmhar anois cím faoi bhrón-bhrat
'S mar bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Mar bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Mar bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá
Gleann Cuilinn bhí ceolmhar anois cím faoi bhrón-bhrat
'S mar bhliain fhada dhomsa gach lá gach lá

Arís dá bhfeicfinn thú a rúin a rúin
Fé m'dhéin ag tarraingt ded' dheoin ded' dheoin
Bheadh gileacht an tSamhraidh sa nGeimhreadh gan amhras
'S mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach
Bheadh gileacht an tSamhraidh sa nGeimhreadh gan amhras
'S mo chroí bheadh ag damhsa go subhach go subhach.    

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: