An Seanduine Dóite

Comhairle a fuaireas amuigh ar an mbóthar,
O rógaire sagairt an seanduine a phósadh
Ba chuma leis é ach go méadóinn a phóca
Is go bhfágfadh sé mise ag brath ar na comharsain.
 
Óró sheanduine, sheanduine dóite
Óró sheanduine, leac agus fód ort
Óró sheanduine leat-sa ní gheobhad-sa.
‘S dá mbeinn ag an ndoras ná beirimse beo ort.
 
Phós mé an seanduine, bhí orm díchéille
Dhein mé an méid sin, ar chomhairle mo ghaolta
Chuaigh mé abhaile leis faraor an scéal sin
‘S déirigh mé an maidin b’fhearr liom an t-éag dom.
 
Óró sheanduine, sheanduine dóite
Óró sheanduine, leac agus fód ort
Óró sheanduine leat-sa ní gheobhad sa.
‘S cupla diúg ionat, a chuirfidh fén bhfód tú
 
Chuir mé mo sheanduine siar go Tír Iarail
In áit a raibh míle is fiche de shliabh ann,
Chrap a chuid eascaid ‘s thit a chuid fiacail
‘S tháinig se abhaile na bhromachán bliana.
 
Óró sheanduine, sheanduine dóite
Óró sheanduine, leac agus fód ort
Óró sheanduine leat-sa ní gheobhad sa.
‘S cupla diúg ionat, a chuirfidh fén bhfód tú
 
Dá bhfaighinnse mo sheanduine báite i bpoll móna
A chosa bheith briste ‘s lámha bheith leointe
Thabharfainn abhaile é ‘s do dhéanfainn é thóraimh
‘S shiúlfainn amach leis na buachaillí óga
 
Aililiú sheanduine, sheanduine breoite
Aililiú sheanduine, leac agus fód ort
Aililiú sheanduine, leat-sa ní gheobhad-sa
Luigh ar do leaba ‘s nár éirí tú beo di.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

Molann %d blagálaí é seo: